An bhfuil tú réidh chun dul le do Ghairm Chruthaitheach?

An bhfuil tú ag smaoineamh faoina ndéanfaidh tú ar fhágáil na scoile duit? Is mian linne eolas a thabhairt duit faoi dheiseanna in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta.

I gcuid mhaith de na bealaí a gcaithimid ár gcuid ama, bíodh sin ag amharc ar scannáin nó ag imirt cluichí digiteacha, dul chuig féilte nó ag léamh leabhar, bímid ag brath ar oibrithe in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta. Amharc thart ort: na foirgnimh a fheiceann tú, na héadaí a chaitheann tú, an ceol a n-éisteann tú leis agus na fógraí ar do ghuthán – daoine a bhfuil poist chruthaitheacha acu a chruthaigh gach ceann acu.

Tá tuilleadh eolais ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta anseo…

Eolas maidir le Gairm Chruthaitheach.

Tionscnamh nua de chuid Éire Ildánach is ea Gairm Chruthaitheach – Gairmeacha Cruthaitheacha agus tacaíocht á tabhairt ag Fís Éireann, an Chomhairle Ealaíon, Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte agus Coimisiún na Meán. Tá sé á bhainistiú ag Skillnet Thionscail an Chultúir agus na Cruthaitheachta.

Is é an aidhm atá againn daoine óga a chur níos mó ar an eolas maidir leis na deiseanna gairmiúla agus deiseanna ó thaobh scileanna de atá in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta. Comhlánaigh an Fhoirm Theagmhála thíos más mian leat tuilleadh eolais a fháil.

Teagmháil

    Más mac léinn thú agus más mian leat tuilleadh eolais, iarr ar do mhúinteoir nó ar do chomhairleoir treorach teagmháil a dhéanamh linn tríd an bhfoirm teagmhála seo.

    Stórálfaidh Cultural & Creative Industries Skillnet na sonraí a sholáthraíonn tú sa bhfoirm teagmhála seo. Ní úsáidfimid na sonraí a sholáthraíonn tú san fhoirm seo ach chun freagra a thabhairt ar do chuid fiosrúchán agus ar d’iarratais ar fhaisnéis.

    Gheobhaidh tú tuilleadh sonraí faoi do chearta maidir le sonraí pearsanta inár bPolasaí Fianán.