Blog

Ceol

ceol

Is in Éirinn atá cuid de na ceoltóirí is cáiliúla ar domhan, i réimse seánraí ó cheol traidisiúnta agus ceol clasaiceach go popcheol agus ceol leictreonach. Tá poist ann i raon iomlán an réimse, ní hamháin do na ceoltóirí féin. Mar shampla, bíonn cuid daoine ag obair leis na huirlisí féin agus le trealamh (mar a bhíonn tiúnóirí piano agus teicneoirí gléasanna ceoil), cuireann daoine eile seirbhísí gairmiúla ar fáil san fhoilsitheoireacht, le lipéid cheoil agus san obair dháileacháin (cuir i gcás cuntasaíocht, poibliú, dlí agus bainistíocht oibríochtúil) agus bíonn a lán daoine eile de dhíth chun gig nó léiriú beo a chur ar siúl. Tá gairmeacha ilréimseacha ag ceoltóirí áirithe, is é sin le rá go mbíonn siad ag dul do neart rudaí éagsúla san am amháin.

Samplaí de phoist sa earnáil seo

Innealtóir/Léiritheoir Fuaime

Duine a dhéanann ceol a thaifeadadh, a mheascadh agus a léiriú i stiúideo nó i dtimpeallacht bheo.
Conair Ardoideachas/Breisoideachas san innealtóireacht fuaime nó i dteicneolaíocht an cheoil, portfóilió de shaothar taifeadta á chur le chéile agat.

Dearthóir Soilsithe

Duine a dhearann an soilsiú agus léiriú físiúil do cheolchoirmeacha agus camchuairteanna beo agus a bhíonn ag obair le healaíontóirí agus ionaid chun an dóigh a dtéann an ghné fhísiúil de sheó i bhfeidhm ar dhaoine a mhúnlú.
Conair Tá cuid mhaith daoine ann a thosaíonn mar theicneoir soilsithe ar chamchuairteanna nó in ionaid agus a dhéanann dul chun cinn le bheith ag obair leis an dearthóireacht.

Múinteoir ceoil

Duine a mhúineann uirlis cheoil nó teoiric an cheoil i scoileanna nó go príobháideach.
Conair Ardoideachas sa cheol, nó cáilíocht teagaisc le haghaidh uirlis shonrach.

Tionscnóir Ceolchoirmeacha / Duine a dhéanann Áirithintí

Duine a chuireann ealaíontóirí in áirithe do ghigeanna agus féilte, agus a eagraíonn agus a phoiblíonn ceolchoirmeacha agus camchuairteanna beo. Tugann an chuid is mó de dhaoine faoi ról intéirneachta nó cúntóra i gcomhlacht bolscaireachta nó in ionad ceolchoirmeacha ar dtús.
Conair Is minic a thosaíonn daoine amach mar intéirneach nó cúntóir i gcomhlacht margaíochta (mar shampla MCD Productions nó Aiken Promotions) agus iad ag cur aithne ar theagmhálaithe sa tionscal.

Bainisteoir/Gníomhaire Ceoil

Duine a bhainistíonn gairm, áirithintí agus cúrsaí gnó ealaíontóra.
Conair Bealach níos faide atá ann. Is minic a thosaíonn daoine ag dul do thacaíocht ealaíontóra, poibliú nó le lipéad ceoil ar dtús.

Oifigeach Forbartha Ceoil / Bainisteoir Cultúrtha

Duine a bhainistíonn agus a fheidhmíonn clár contae don oideachas ceoil thar ceann Music Generation (líonra náisiúnta oideachais ceoil in Éirinn) agus a bhíonn ag obair le scoileanna, teagascóirí agus comhpháirtithe áitiúla.
Conair Cáilíocht Ardoideachais sa cheol, bainistíocht ealaíon nó oideachas, chomh maith le taithí shuntasach ar an bhforbairt ceoil nó ar oideachas an cheoil.

Riarthóir Dleachtanna agus Ceadúnaithe

Déanann an duine seo íocaíochtaí dleachtanna agus ceadúnú a láimhseáil do chumadóirí amhrán agus ceoil. Mar shampla, déanann IMRO, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, dleachtanna léirithe a bhailiú agus a dháileadh thar ceann os cionn 17,000 ball.
Conair Cáilíocht ghnó/riaracháin, ansin iarratas a dhéanamh go díreach ar eagraíochtaí mar IMRO.

Conairí isteach san earnáil seo

  1. Caith súil ar na roghanna Ardoideachais atá ann
    Agus smaoinigh ar chúrsa a dhéanamh a bhaineann le cuid de na réimsí seo. Tá Scoileanna Ceoil nó Ranna Ceoil i neart ollscoileanna agus tá institiúidí áirithe ann atá dírithe go hiomlán ar staidéar ar an gceol. Mar shampla: Acadamh Ceoil agus Rince Domhanda na hÉireann in Ollscoil Luimnigh ; Ceol-Scoil Chorcaí in OT na Mumhan nó BIMM, Baile Átha Cliath.
  2. Caith súil ar na roghanna Breisoideachais atá ann
    Tá cuid mhaith coláistí Breisoideachais ann a bhfuil cúrsaí acu in ábhair ar nós léiriúchán fuaime, scileanna DJ, taibhiú ceoil beo nó gnó.
  3. Smaoinigh ar thaithí oibre a fháil
    Riarann Music Generation comhpháirtíochtaí áitiúil oideachais ceoil i ngach contae agus glacann cuid mhaith de na brainsí le hoibrithe deonacha. Reáchtálann an Ceoláras Náisiúnta Saotharlann Chruthaitheach do dhaoine óga 14 bliana go 18 mbliana d’aois ó phobail faoi ghannionadaíocht. D’fhéadfá dul i dteagmháil le hionaid áitiúla cheoil maidir leis na cláir taithí oibre atá acu.
  4. Scileanna Inaistrithe / Obair Dheonach Áitiúil
    Seinm mar bhall de bhanna scoile, ceolfhoireann áitiúil óige, nó canadh i gcór; buscáil; banna aithrise a reáchtáil le haghaidh imeachtaí áitiúla. Cuidiú leis an obair chun féile nó imeacht áitiúil ceoil a eagrú (d’fhéadfá ceolchoirm a phleanáil i do scoil féin!) Dul chuig an oiread gigeanna agus is féidir: imeachtaí áitiúla saor in aisce, oícheanta maidhc oscailte nó seónna beaga dá dteastaíonn ticéid – is bealaí maithe iad ar fad le do shlí a dhéanamh isteach san earnáil. Is ag labhairt le ceoltóirí, innealtóirí fuaime agus poiblitheoirí i ndiaidh seó a fhaigheann daoine cuid mhaith teagmhálaithe agus deiseanna cearta sa tionscal, agus is beag costas a bhíonn i gceist, má bhíonn costas ar bith ann.

Uirlisí saor in aisce ar líne ar féidir cleachtadh leo

  • Audacity
  • BandLab déanamh ceoil agus comhshaothar ar líne saor in aisce
  • Acmhainní saor in aisce sa leabharlann áitiúil chun ceol a shruthú agus a chleachtadh

Scileanna ar fiú iad a Fhorbairt

  • Cleachtadh agus smacht
  • Smaointe ceoil de do chuid féin a cheapadh
  • Seinm nó canadh go muiníneach
  • Obair foirne (seinm nó taifeadadh le daoine eile)
  • Scileanna bunúsacha taifeadta/teicneolaíochta
  • Bunscileanna gnó (conarthaí, airgead)

Acmhainní agus Léitheoireacht Bhreise

You might be interested in …