Is iad na daoine atá ag obair san earnáil seo daoine a oibríonn ar chuma, cur i láthair agus feidhmiú rudaí – ó fheachtais fógraíochta agus sainiúlacht brandaí go dtí na foirgnimh a bhfuilimid inár gcónaí agus ag obair iontu gach lá. Bíonn poist fógraíochta, deartha agus ailtireachta i ngach áit, bíodh sin stiúideo deartha do bheirt nó cleachtas náisiúnta ailtireachta, i gcathracha agus bailte beaga ar fud na tíre.
Samplaí de phoist sa earnáil seo
Duine a chruthaíonn ábhar físe d’fheachtais, brandaí, agus do na meáin chlóite agus dhigiteacha. Sampla:
Conair Ardoideachas/Breisoideachas, portfóilió láidir pearsanta á chur le chéile agat san am céanna.
Duine a scríobhann agus a chuireann cruth ar na focail taobh thiar d’fhógraí, feachtais brandaí agus ábhar.
Conair D’fhéadfá smaoineamh ar ábhar a scríobh do pháipéar scoile, blag nó club áitiúil sula dtéann tú ar aghaidh chuig staidéar breise.
Duine a dhéanann an caidreamh idir gníomhaireacht agus a cliaint a bhainistiú agus a choinníonn feachtais ag imeacht de réir an sceidil.
Conair Ardoideachas sa ghnó/sa mhargaíocht agus ansin ag obair ar dtús mar Fheidhmeannach Cuntas, de ghnáth.
Duine a dhearann foirgnimh agus spásanna, ón gcoincheap ar aghaidh go dtí an fhoirgníocht.
Conair Ardoideachas — céim 5 bliana go 7 mbliana roimh chlárúchán, an chéim sin á creidiúnú ag Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann.
Seo ról níos teicniúla atá dírithe ar líníochtaí mionsonraithe agus sonraíochtaí foirgneamh.
Conair Ardoideachas/Breisoideachas i dteicneolaíocht na hailtireachta agus ansin taithí a fháil ar an gcleachtas.
Duine a dhearann cuma agus feidhmiú táirgí agus aipeanna digiteacha. Tá fás ar an éileamh ar an gcineál seo seirbhíse i ngníomhaireachtaí agus foirne inmheánacha in Éirinn.
Conair Ardoideachas sa dearadh/ríomhaireacht, chomh maith le scileanna féinoilte ó uirlisí saor in aisce agus portfóilió láidir.
Duine a ullmhaíonn tairiscintí agus tograí chun gnó cliant nua a ghnóthú do chleachtais deartha agus ailtireachta.
Conair Taithí Oibre nó Scileanna Inaistrithe – is minic scileanna láidre scríbhneoireachta agus eagrúcháin níos tábhachtaí ná céim faoi leith.
Conairí isteach san earnáil seo
- Caith súil ar na roghanna Ardoideachais atá ann
agus smaoinigh ar chúrsa a dhéanamh a bhaineann le cuid de na réimsí seo. Tá cúrsaí mar seo ar fáil i gcuid mhaith ollscoileanna, mar shampla BA (Onór.) san Ealaín agus Dearadh, ag dul ar aghaidh ansin
chuig Dearadh Grafaicí agus Digiteach, Faisean agus Beochan in LSAD (Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh, cuid d’Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne) nó BA san Ailtireacht i gceann de na cúig ollscoil in Éirinn ina bhfuil céim san ailtireacht á creidiúnú ag RIAI (Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann). - Caith súil ar na roghanna Breisoideachais atá ann
Tá cúrsaí in ábhair mar an ailtireacht agus dearadh intí ar fáil i gcuid mhaith coláistí Breisoideachais, nó cúrsaí san ealaín agus dearadh chomh maith le hullmhúchán portfóilió. Cuidiú a bheidh ann portfóilió saothair a bheith agat lena thaispeáint d’fhostóirí mar chuid d’iarratas. Agus coinnigh súil ar a bhfuil ag dul ar aghaidh. Tá obair ar bun faoi láthair ag CCAI (Cumann Cruthaitheachta agus Cumarsáide na hÉireann) ar Phrintíseacht Náisiúnta nua san Fhógraíocht agus sa Chumarsáid. - Smaoinigh ar thaithí oibre a fháil
Tá a lán stiúideonna deartha, gníomhaireachtaí fógraíochta agus cleachtais ailtireachta ann a ghlacann le daltaí Idirbhliana chomh maith. Tá clár ionscoile ag Foras Ailtireachta na hÉireann ina dtugtar buntreoir do dhaltaí maidir le gairmeacha san ailtireacht. Cuireann Institiúid na nDearthóirí in Éirinn saothar nua os comhair an phobail agus úsáideann siad The New Now chun cuidiú a thabhairt leis an bpleanáil gairme. - Scileanna Inaistrithe / Obair Dheonach Áitiúil
Póstaer nó grafaicí do na meáin shóisialta a dhearadh le haghaidh imeacht scoile, club spóirt nó carthanas áitiúil; cur isteach ar chomórtas deartha; cuidiú a thabhairt do ghnó teaghlaigh lógó nó bileoigín a dhearadh.
Uirlisí saor in aisce ar líne ar féidir cleachtadh leo
- Canva acmhainní bunúsacha don dearadh grafach
- GIMP nó Krita (eagarthóireacht íomhánna saor in aisce)
- Figma ciseal saor in aisce do dhearadh UX/UI
- SketchUp Free samhaltú bunúsach ailtireachta
Na hEagraíochtaí seo a Aimsiú
Tá na céadta stiúideonna, gníomhaireachtaí agus cleachtas san earnáil seo ar fud na hÉireann. Seo naisc le cuidiú leat tosú amach:
- IDI (Institiúid na nDearthóirí in Éirinn) — eolaire dearthóirí ar fud na tíre.
- DCCI (Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann) — inchuardaithe de réir contae.
- Tá liosta dá mbaill ag Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (RIAI) (ailtireacht) ar a suíomh gréasáin.
- Tá liosta dá mbaill ag an gCumann Cruthaitheachta agus Cumarsáide (CCAI) (fógraíocht) ar a suíomh gréasáin chomh maith.
Scileanna ar fiú iad a Fhorbairt
- Smaointe maithe agus smaointeoireacht chruthaitheach a fhorbairt
- Líníocht, sceitseáil nó úsáid bogearraí deartha
- Do chuid smaointe a chur in iúl go soiléir
- Aird ar mhionsonraí
- An cumas chun bheith ag obair go maith le daoine eile agus chun glacadh le haiseolas
- Cumas bunúsach ríomhaireachta/teicneolaíochta
Acmhainní agus Léitheoireacht Bhreise
- Treoir CCAI do Dhaoine Óga
- Laethanta Oscailte agus Imeachtaí NCAD
- Eolaire Cleachtas RIAI
- The 100 Archive Coimriú breá ar chuideachtaí agus tionscadail sa chumarsáid fhísiúil
- Flow Creat inniúlachtaí le haghaidh gairmeacha sa dearadh
- The New Now Ardán de chuid Institiúid na nDearthóirí in Éirinn arb é is aidhm dó an bhearna ama a laghdú sa tréimhse idir mic léinn a gcúrsa a chur i gcrích sa choláiste deartha agus tosú ansin sa tionscal.
- Gradaim 2026 IDI le haghaidh Céimithe sa Dearadh Ceiliúradh bliantúil ar chuid de na tionscadail is nuálaí ó chéimithe ó chláir sa dearadh in institiúidí ar fud oileán iomlán na hÉireann.
- Tuarascáil Design 2035 Leagann an taighde seo, a sheol an IDI i mbliana, amach todhchaí na deartha in Éirinn trasna na bhfiontar, na seirbhísí poiblí, an oideachais agus an rialtais.
- Gairmeacha san Ailtireacht ar CareersPortal
- An clár Architects in Schools atá ag Foras Ailtireachta na hÉireann: Tuilleadh eolais faoi ghairmeacha san ailtireacht
