Cad is Gairm Chruthaitheach ann?
Tionscnamh nua faoi stiúir Éire Ildánach is ea Gairm Chruthaitheach – Gairmeacha Cruthaitheacha agus tacaíocht á tabhairt dó ag Fís Éireann, an Chomhairle Ealaíon, Coimisiún na Meán agus Maoiniú ó Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte. Tá sé á bhainistiú ag Skillnet Thionscail an Chultúir agus na Cruthaitheachta.
Is é is aidhm don chlár daoine óga a chur níos mó ar an eolas faoi na deiseanna éagsúla gairme atá ann in earnáil na cruthaitheachta agus an chultúir trí chéile.
Cuireadh tús le Gairm Chruthaitheach i Mí an Mheithimh 2025 mar thionscnamh píolótach. Ó shin, tá an fhoireann gnóthach ag obair chun an clár a fhorbairt. Is é a bhí i gceist leis an obair sin ná comhairliúchán fairsing a reáchtáil le daoine óga, dul i mbun plé le heagraíochtaí cruthaitheachta agus le comhairleoirí gairmthreorach, acmhainní a chur le chéile, ceardlanna píolótacha a fhorbairt le comhghleacaithe i dTuaisceart Éireann agus freastal ar aonaigh gairmeacha. Beimid i láthair le linn Higher Options agus WorldSkills i mí Mheán Fómhair 2026 agus le linn imeachtaí réigiúnacha eile maidir le gairmeacha. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil, úsáid an fhoirm theagmhála ar an Leathanach Baile le dul i dteagmháil linn.


Cad atá i gceist in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta in Éirinn?
Seo cuid de na hearnálacha atá istigh sa chlár seo: Ailtireacht, Dearadh, Fógraíocht, Spásanna Cultúrtha, Féilte, Scannánaíocht, Teilifís, Beochan, Maisíocht Físe, Cluichí, Siamsaíocht Thumthach Iriseoireacht, na Meáin, Raidió, Litríocht, Foilsitheoireacht, Ceol, Taibhiú, Amharclannaíocht, Damhsa, Fís-Ealaíona, Faisean, Ceardaíocht.
Is earnálacha iad seo a bhfuil tacaíocht leanúnach tugtha ag an Rialtas dóibh le tamall de bhlianta anuas, bíodh sé sin méadú ar mhaoiniú do spásanna oibre d’ealaíontóirí, infheistíocht san fhorbairt ar cheol na cosmhuintire, creidmheasanna cánach a fheabhsú do thionscail na teilifíse, na gcluichí digiteacha agus na maisíochta físe, nó tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i bpoibliú chultúr na hÉireann ar an ardán domhanda.
An bhfuil aon phoist chearta ann?
Tá thart ar 8.9 milliún duine ar fud an Aontais Eorpaigh ag obair in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta, is é sin 4.3% den fhostaíocht iomlán san Aontas Eorpach. In 2025, bhí beagnach 97,000 duine fostaithe i ról cultúrtha in Éirinn [Eurostat]. Cothaíonn na hearnálacha seo uaillmhian agus díograis i ndaoine agus cuireann lena saol. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh na hearnálacha seo cur go mór le rathú agus bláthú mhuintir na hÉireann feasta.


Cad atáimid ag iarraidh mic léinn a chur ar an eolas faoi?
Tá na mílte ról éagsúil i bpoist éagsúla i dtionscail an chultúir agus na cruthaitheachta in Éirinn in earnálacha éagsúla agus tá teacht ag cách orthu. Is féidir le daoine gairm chruthaitheach a bheith acu gan iad a bheith ‘cruthaitheach’. Bíonn dlíodóirí, riarthóirí, cuntasóirí, taighdeoirí, bainisteoirí, oifigigh inbhuanaitheachta, srl. de dhíth san earnáil.
Na scileanna a theastaíonn don earnáil seo – mar shampla, teacht aniar, solúbthacht, inspreagadh, smaointeoireacht chruthaitheach agus réasúnú criticiúil – is scileanna iad atá tábhachtach, an tábhacht sin ag fás i gcónaí, i súile fostóirí ar fud na cruinne, agus iad níos tábhachtaí fós i measc lucht saothair a bheidh de shíor ag athrú de bharr an fháis ar an intleacht shaorga.
Tá daoine in ann uaillmhian agus díograis a chothú ina saol agus iad ag obair in earnáil na cruthaitheachta.
