Blog

Iriseoireacht, na Meáin agus Raidió

San earnáil seo, bíonn daoine ag obair ar an nuacht agus ar na scéalta a léimid, a n-amharcaimid orthu agus a n-éistimid leo, agus bíonn taighde, scríbhneoireacht, eagarthóireacht, scannánaíocht, grianghrafadóireacht agus craoltóireacht i gceist. Réimse leathan oibre atá ann, ó nuachtáin agus stáisiúin raidió náisiúnta go raidió áitiúil pobail, podchraoltaí agus na meáin ar líne. Bíonn an earnáil ag athrú go sciobtha – tá bealaí nua ísealchostais ann anois le tosú amach mar gheall ar phodchraoltóireacht agus YouTube go háirithe – ach tá na croíscileanna (fiosracht, cumarsáid shoiléir agus cruinneas) mar an gcéanna i gcónaí.

Samplaí de phoist sa earnáil seo

Iriseoir/Tuairisceoir

Duine a dhéanann taighde ar scéalta nuachta, agus a scríobhann, a thaifeadann agus a chuireann in eagar iad do na meáin chlóite, chraolta nó ar líne.
Conair Ardoideachas, nó portfóilió láidir curtha le chéile as Scileanna Inaistrithe mar nuachtán nó blag scoile.

Craoltóir

Duine a chuireann i láthair cláir bheo nó thaifeadta raidió agus theilifíse, agus podchraoltaí go minic anois chomh maith.
Conair Breisoideachas (cúrsa sa léiriú raidió nó taibhiú); is minic a fhaigheann daoine taithí ar raidió áitiúil nó pobail ar dtús. Taithí eile atá an-úsáideach chomh maith ná taithí phraiticiúil ar dhíospóireachtaí, ar an taibhiú ar stáitse nó ar choiméide.

Innealtóir Fuaime/Craolacháin

Duine a fheidhmíonn trealamh taifeadta agus craoltóireachta.
Conair Ardoideachas (léiriúchán raidió/fuaime), cuid mhór daoine a thosaíonn amach in obair phraiticiúil i stiúideo áitiúil.

Eagarthóir – Ábhar Digiteach/Meáin Shóisialta

Duine a chruthaíonn agus a bhainistíonn ábhar ar gach ardán digiteach atá ag eagraíocht meán – léiriú agus poibliú podchraoltaí san áireamh.
Conair Ardoideachas/Breisoideachas sna meáin, nó Scileanna Inaistrithe — na meáin shóisialta a riar do scoil, club nó gnólacht beag.

Fo-eagarthóir

Duine a sheiceálann, a chuireann in eagar agus a ullmhaíonn ábhar lena fhoilsiú.
Conair Ardoideachas san iriseoireacht nó Béarla, taithí ar an tuairisciú de ghnáth ar dtús.

Léiritheoir (raidió/teilifís/podchraoladh)

Duine a dhéanann maoirseacht ar an bpróiseas déanta cláir, ón bpleanáil go dtí an craoladh.
Conair Bealach níos faide, blianta de thaithí ar dtús, de ghnáth, ar thuairisciú, taighde nó mar chúntóir craolacháin.

Feidhmeannach Díolachán Fógraíochta

Duine a dhíolann spás nó am craolta fógraíochta le gnólachtaí thar ceann eagraíocht meán.
Conair Is tábhachtaí scileanna láidre cumarsáide anseo ná cáilíocht áirithe sna meáin.

Conairí isteach san earnáil seo

  1. Caith súil ar na roghanna Ardoideachais atá ann
    Agus smaoinigh ar chúrsa a dhéanamh i gceann de na réimsí seo. Tá a lán ollscoileanna ann a bhfuil cúrsa sna daonnachtaí (ealaíona) nó san iriseoireacht acu, mar shampla: BA san Iriseoireacht in Ollscoil na Gaillimhe.
  2. Caith súil ar na roghanna Breisoideachais atá ann
    Tá cuid mhór coláistí Breisoideachais ann a bhfuil cúrsaí acu in ábhair mar na meáin agus iriseoireacht, nó cúrsaí atá níos dírithe ná sin, mar shampla Tá cúrsa ar Leibhéal 5 sa Raidió agus Podchraoladh i gColáiste Breisoideachais agus Oiliúna Chorcaí.
  3. Smaoinigh ar thaithí oibre a fháil
    Reáchtálann Learning Waves Seachtain Idirbhliana sna Meáin gach bliain ina gcuirtear daltaí Idirbhliana ag obair le stáisiún áitiúil raidió ar feadh seachtaine. Tá Clár Iarchéime san Iriseoireacht ag Learning Waves chomh maith ina gcuirtear 10 gcéimí ag obair i stáisiúin neamhspleácha raidió ar fud na tíre ar feadh cúig mhí. Glacann stáisiúin raidió áitiúla agus phobail ar fud na tíre go díreach le hoibrithe deonacha go rialta. Déanann TG4 neart scéimeanna oiliúna a reáchtáil agus bíonn deiseanna don taithí oibre acu do dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu
  4. Scileanna Inaistrithe / Obair Dheonach Áitiúil
    Ábhar a scríobh do nuachtán nó blag scoile, obair dheonach le stáisiún áitiúil raidió pobail, nó do phodchraoladh féin a thosú. Suíomh gréasáin a chruthú nó cuntas a choimeád ar na meáin shóisialta ar ábhar a bhfuil tuairimí láidre agat faoi.   Litreacha a scríobh chuig leathanach na litreacha sa nuachtán áitiúil nó náisiúnta. Ballraíocht a ghlacadh sa chlub áitiúil díospóireachta.

Uirlisí saor in aisce ar líne ar féidir cleachtadh leo

Nóta beag maidir le Coimisiún na Meán

Feicfidh tú an t-ainm seo go minic sna meáin in Éirinn. Is é Coimisiún na Meán rialálaí na meán in Éirinn — oibríonn an ghníomhaireacht lena chinntiú go gcloíonn an teilifís, raidió agus ardáin ar líne le rialacha cothroma, déanann stáisiúin raidió agus teilifíse a cheadúnú agus pléann le gearáin ón bpobal. Déanann an ghníomhaireacht seo cuid mhór de na scéimeanna oiliúna agus ábhair atá luaite ar an leathanach seo (cuireann Ciste Fuaime agus Físe na gníomhaireachta maoiniú ar fáil d’imeachtaí, mar shampla Seachtain Idirbhliana Learning Waves do na Meáin), mar sin is fiú eolas a chur air.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin tuiscint ar na meáin (nó ‘litearthacht sna meáin’) ar shuíomh gréasáin na heagraíochta Tuiscint ar na Meáin, Éire.

Scileanna ar fiú iad a Fhorbairt

  • Scríbhneoireacht agus cumarsáid
  • Léitheoireacht, féachaint ar ábhar agus éisteacht le hábhar go forleathan, maidir le gach uile rud faoin spéir
  • Ceisteanna a chur
  • Scileanna taighde
  • Muinín agus tú ag labhairt nó ábhar á chur i láthair agat
  • Aird ar mhionsonraí agus cruinneas
  • Scileanna bunúsacha eagarthóireachta teicneolaíochta/fuaime
  • Fiosracht maidir le cúrsaí reatha

Acmhainní agus Léitheoireacht Bhreise

You might be interested in …