Blog

Litríocht agus Foilsitheoireacht

Litríocht

Is daoine a scríobhann, a chuireann in eagar, a fhoilsíonn agus a dhíolann na leabhair a léimid a oibríonn i réimse na Litríochta agus na Foilsitheoireachta — ó úrscéalaithe agus filí go dtí na heagarthóirí, dearthóirí agus díoltóirí leabhar a thugann an lámhscríbhinn chun na seilfe. Tá clú ar Éirinn ar fud an domhain as stair shaibhir liteartha na tíre agus as scríbhneoirí cáiliúla na linne (mar shampla, Cathair Litríochta de chuid UNESCO atá i mBaile Átha Cliath), agus tionscal ceart atá san fhoilsitheoireacht a bhfuil poist ann san eagarthóireacht, léiriú, margaíocht agus díolachán.

Samplaí de phoist sa earnáil seo

Údar/Scríbhneoir

Duine a scríobhann leabhair, bíodh sé sin ficsean, neamhfhicsean nó filíocht.
Conair Ardoideachas nó féinoiliúint trí ghrúpaí agus comórtais scríbhneoireachta.

Eagarthóir

Duine a sheiceálann, a fhorbraíonn agus a fheabhsaíonn lámhscríbhinn sula ndéantar an téacs a fhoilsiú.
Conair Ardoideachas sa Bhéarla/sa Ghaeilge nó san fhoilsitheoireacht, tosú amach go minic mar Eagarthóir Sóisearach.

Maisitheoir

Duine a chruthaíonn an saothar ealaíne a théann ar chlúdaigh leabhair, i leabhair do pháistí agus in úrscéalta grafacha. Bíonn siad ag obair go hiondúil le foilsitheoirí, mar shampla The O’Brien Press nó Gill Books.
Conair Ardoideachas/Breisoideachas sa léiriúchán nó sa chumarsáid amhairc, portfóilió láidir á chur le chéile agat.

Cúntóir Foilsitheoireachta

Duine a bhíonn ag tacú le foirne eagarthóireachta, margaíochta agus léirithe i dteach foilsitheoireachta.
Conair Taithí Oibre nó Ardoideachas – is minic gur sin an chéad chéim isteach an doras i dteach foilsitheoireachta.

Poiblitheoir Leabhar/Feidhmeannach Margaíochta

An duine a dhéanann leabhair agus údair a phoibliú sna meáin agus i measc léitheoirí.
Conair Ardoideachas/Breisoideachas sa mhargaíocht, nó Scileanna Inaistrithe, mar shampla cuntas bainteach le leabhair ar na meáin shóisialta a bhainistiú.

Feidhmeannach um Chearta agus Conarthaí

Pléann an duine seo le conarthaí údar, ceadúnas cóipchirt agus ceadanna chun ábhar le daoine eile a úsáid.
Conair Céim sa dlí nó cáilíocht dlí; uaireanta bíonn cúlra ginearálta dlí ag an duine sula dtugtar faoi speisialtóireacht san fhoilsitheoireacht agus cóipcheart.

Cuntasóir / Oifigeach Airgeadais

Bainistíonn an duine seo buiséid tí foilsitheoireachta, íocaíocht dleachtanna le húdair agus cuntais airgeadais.
Conair Cáilíocht aitheanta sa chuntasaíocht (mar shampla, ACCA nó ACA), ansin iarratas ar theach foilsitheoireachta mar a dhéanfaí in aon ról airgeadais eile.

Conairí isteach san earnáil seo

  1. Caith súil ar na roghanna Ardoideachais atá ann
    Agus smaoinigh ar chúrsa a dhéanamh i gceann de na réimsí seo. Tá cúrsaí mar seo ar fáil i gcuid mhaith ollscoileanna, mar shampla BA (Onór.) sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach agus Béarla in Ollscoil Mhá Nuad. Nó d’fhéadfá bunchéim a dhéanamh, ansin díriú ar an scríbhneoireacht chruthaitheach i Lárionad Oscar Wilde i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
  2. Caith súil ar na roghanna Breisoideachais atá ann
    Tá cuid mhór coláistí Breisoideachais ann a bhfuil cúrsaí acu in ábhair mar an scríbhneoireacht chruthaitheach nó foilsitheoireacht dhigiteach. Tá a lán cúrsaí ar líne ar fáil sna réimsí seo chomh maith, rogha atá oiriúnach don chianfhoghlaim.
  3. Smaoinigh ar thaithí oibre a fháil
    Is minic a ghlacann siopaí leabhar agus foilsitheoirí beaga le daltaí agus mic léinn ar thaithí oibre go díreach – is fiú fiafraí den siopa leabhar neamhspleách áitiúil. Reáchtáiltear ceardlanna agus imeachtaí in Áras Scríbhneoirí na hÉireann (Baile Átha Cliath) do scríbhneoirí nua agus scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn ar gach aois.
  4. Scileanna Inaistrithe / Obair Dheonach Áitiúil
    D’fhéadfá do chuid dánta a thaifeadadh agus a phostáil ar líne – is minic gur ar na meáin shóisialta a thagann
    pobail léitheoireachta sa lá atá inniu ann ar shaothar le filí agus scríbhneoirí óga. Ábhar a scríobh d’iris scoile nó blag scoile, cur isteach ar chomórtas scríbhneoireachta, club leabhar scoile a reáchtáil nó obair dheonach a dhéanamh i leabharlann áitiúil.

Uirlisí saor in aisce ar líne ar féidir cleachtadh leo

  • Reedsy uirlisí saor in aisce d’ábhar scríbhneoirí agus eagarthóirí
  • Canva dearadh clúdaigh leabhair nó póstaeir
  • BorrowBox ar fáil saor in aisce le haon chárta leabharlainne – ríomhleabhair agus closleabhair a fháil ar iasacht
  • Na cúrsaí saor in aisce ar líne atá ag an leabharlann áitiúil (400+ cúrsa ar fáil ar fud na tíre).

Nóta beag maidir le Líonra na Leabharlann in Éirinn

Tá seirbhís leabharlainne poiblí thar cionn in Éirinn atá ar cheann de na hacmhainní saor in aisce is fearr d’aon daoine a mbeadh dúil acu san earnáil seo. Tá an bhallraíocht saor in aisce do dhaoine ar gach aois (caithfear cead a fháil ó thuismitheoir nó caomhnóir i gcás daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois) agus tá an t-aon chatalóg náisiúnta amháin ag an leabharlann i ngach údarás áitiúil. Mura bhfuil leabhar ar an tseilf i do bhrainse áitiúil, is féidir é a lorg ó áit ar bith sa tír. Rudaí eile a chuireann leabharlanna ar fáil, diomaite de na leabhair féin, ná rochtain ar ríomhairí agus ar an idirlíon saor in aisce, spás staidéir agus cruinnithe saor in aisce, agus seirbhísí digiteacha saor in aisce ar nós BorrowBox. Tá an tseirbhís “Mo Leabharlann Oscailte” á reáchtáil ag cuid mhaith leabharlann chomh maith, seirbhís ina bhfaigheann na baill teacht breise ar sheirbhísí ó 8am–10pm, 365 lá sa bhliain. Tá daoine óga 16 bliana go 18 mbliana d’aois in ann an tseirbhís a úsáid má bhíonn cead scríofa acu ó thuismitheoir nó caomhnóir.

Scileanna ar fiú iad a Fhorbairt

  • Réimse leathan ábhair a léamh
  • Scileanna scríbhneoireachta agus eagarthóireachta
  • Aird ar mhionsonraí agus cruinneas
  • Smaointe agus scéalta úrnua a chumadh
  • Foighne agus dianseasmhacht
  • Muinín bhunúsach ríomhaireachta/teicneolaíochta

Acmhainní agus Léitheoireacht Bhreise

You might be interested in …