Blog

Na hAmharc-Ealaíona, Faisean agus Ceardaíocht

Mínealaíontóirí, dearthóirí faisin, dearthóirí teicstílí, seodóirí, ceirmeoirí agus na speisialtóirí a thugann aire do shaothar ealaíne agus a láimhseálann é sa chúlra – tá siadsan go léir ag obair san earnáil seo. Rudaí a dhéanamh is cúram don earnáil, ceann de na hearnálacha is praiticiúla ar an suíomh seo. Tá réimse leathan gairmeacha ann, idir thraidisiúin dháiríre cheardaíochta agus dearthóirí faisin agus teicstílí, idir obair áitiúil agus obair dhomhanda.

Samplaí de phoist sa earnáil seo

Frámaitheoir Pictiúr

Dearann agus déanann an duine seo frámaí saincheaptha chun saothar ealaíne a chosaint agus a chur ar taispeáint, ag obair in éineacht le gailearaithe, ealaíontóirí agus cliaint phríobháideacha. Sampla: Tá cuideachtaí áirithe ann a bhíonn ag obair le cuid de na hinstitiúidí ealaíne is mó sa tír, ansin bíonn cuideachtaí eile ag plé le healaíontóirí agus custaiméirí áitiúla.
Conair Taithí Oibre nó cúrsa praiticiúil gairid, ansin scileanna agus trealamh a fhorbairt de réir a chéile – is iomaí frámaitheoir atá féinfhostaithe.

Caomhnóir/Athchóiritheoir Ealaíne

Déanann an duine seo saothair ealaíne agus earraí i músaeim a chaomhnú, a dheisiú agus a athchóiriú. Mar shampla, tá caomhnóirí fostaithe ag Gailearaí Ealaíne Crawford (Corcaigh) agus ag Ard-Mhúsaem na hÉireann le bheith ag obair ar na bailiúcháin iontu.
Conair Cáilíocht speisialtóra iarchéime sa chaomhnú, de ghnáth tar éis céim a dhéanamh san ealaín nó eolaíocht.

Ceannaitheoir / Marsantóir Faisin

Duine a roghnaíonn agus a bhainistíonn réimsí táirgí thar ceann miondíoltóir faisin. Mar chuid den phróiseas bíonn anailís ar shonraí, idirbheartaíocht le soláthraithe agus pleanáil riaracháin.
Conair Ardoideachas/Breisoideachas sa ghnó, miondíol nó marsantú faisin, go minic ag tosú amach mar Chúntóir Ceannaigh nó Marsantaithe.

Gearrthóir Patrúin

An té a úsáideann dearadh faisin le patrún oibre a chruthú a úsáidtear ansin chun éadaí a ghearradh agus a dhéanamh as.
Conair Breisoideachas sa déantús ball éadaigh, nó taithí phraiticiúil ar fhuáil agus do chuid éadaí féin a dhéanamh.

Ceirmeoir / Seodóir / Ceardaí

Duine a dhearann agus a dhéanann ceirmeacht, seodra nó earraí ceardaíochta eile, agus a dhíolann na hearraí ansin, go minic go díreach leis an bpobal.
Conair Breisoideachas i scileanna ceardaíochta (mar shampla, seodra, gloine agus ceirmeacht) nó Scileanna Inaistrithe – ceird a fhoghlaim agus saothar a dhíol i margaí áitiúla.

Cúntóir Gailearaí/Stiúideo

Seo duine a thacaíonn le reáchtáil gailearaí nó stiúideo ealaíontóra ó lá go lá, bíodh sé sin taispeántais a shuiteáil nó labhairt le cuairteoirí.
Conair Oideachas tríú leibhéal agus ansin Taithí Oibre – tá a lán gailearaithe ann a ghlacann go díreach le hoibrithe deonacha nó mic léinn ar thaithí oibre.

Láimhseálaí / Cláraitheoir Ealaíne

Déanann an duine seo saothair ealaíne a phacáil, a aistriú agus a shuiteáil, chomh maith le taifid de na saothair a choinneáil, faoi choinne gailearaithe, músaem agus ceantálaithe.
Conair Taithí Oibre nó Ardoideachas, taithí á forbairt go minic in obair le suiteáin i ngailearaithe agus obair tacaíochta teicniúla.

Conairí isteach san earnáil seo

  1. Caith súil ar na roghanna Ardoideachais atá ann
    Agus smaoinigh ar chúrsa a dhéanamh a bhaineann le cuid de na réimsí seo. Tá cúrsaí mar seo ar fáil i gcuid mhaith ollscoileanna, mar shampla: tá céimeanna ag NCAD (an Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha) sa Mhínealaín, sa Dearadh agus sa Chultúr Físiúil. Rogha eile atá ann ná staidéar a dhéanamh ar an Dearadh Faisin i gcoláistí a bhfuil sé ar fáil iontu, mar shampla OT na Sionainne.
  2. Caith súil ar na roghanna Breisoideachais atá ann
    Tá cúrsaí ar fáil i gcuid mhaith coláistí Breisoideachais in ábhair a bhaineann leis na hamharc-ealaíona, nó le hullmhú portfóilió, nó ealaín agus dearadh chomh maith le hullmhú portfóilió. Mar shampla, tá cúrsa ar fáil in BOO Loch Garman agus Phort Láirge san Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh, le Seodóireacht, Gloine agus Ceirmeacht. Reáchtálann Acadamh Chomhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann a lán cúrsaí difriúla, printíseachtaí ina measc, i ngach réimse den cheardaíocht agus dearadh.
  3. Smaoinigh ar thaithí oibre a fháil
    Cuireann lear mór gailearaithe agus stiúideonna fáilte roimh mhic léinn ar thaithí oibre agus oibrithe deonacha go díreach – is fiú teagmháil a dhéanamh lena leithéid d’ionad i do cheantar féin. Reáchtálann Acadamh Chomhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann oiliúint phraiticiúil dírithe ar an tionscal i réimsí ar nós na ceirmeachta.
  4. Scileanna Inaistrithe / Obair Dheonach Áitiúil
    Earraí ceardaíochta a dhéanamh agus a dhíol ansin i margadh áitiúil nó ar líne, cur isteach ar chomórtas ealaíne nó dearaidh scoile, nó cuidiú a thabhairt chun póstaeir nó earraí a dhearadh lena ndíol i gcomhair ócáid scoile.

Uirlisí saor in aisce ar líne ar féidir cleachtadh leo

  • Na bogearraí dearaidh agus cúrsaí atá ar fáil saor in aisce sa leabharlann i do cheantar féin
  • Procreate nó Krita (líníocht dhigiteach saor in aisce/ísealchostais)
  • Instagram nó siopa simplí ar líne, mar shampla (Etsy), le do shaothar a chur os comhair an phobail agus a dhíol.

Scileanna ar fiú iad a Fhorbairt

  • Smaointe agus dearaí físiúla nua a cheapadh
  • Scileanna líníochta agus ceardaíochta
  • Mionchruinneas
  • Foighne agus Cruinneas
  • Scileanna bunúsacha gnó (costas a lua le do chuid saothair agus é a dhíol)
  • Glacadh go maith le haiseolas

Acmhainní agus Léitheoireacht Bhreise

You might be interested in …