Blog

Scannánaíocht, Teilifís, Beochan agus Maisíocht Físe

Is san earnáil seo a oibríonn na daoine a dhéanann an t-ábhar a mbímid ag amharc air – ó scannáin ar bhuiséid mhóra agus drámaí teilifíse a thaifeadtar in Éirinn go stiúideonna beochana baile a dhéanann seónna do RTÉ, BBC, Netflix agus Disney+. Mol don bheochan agus don mhaisíocht físe atá in Éirinn. Tá tacaíocht ann i bhfoirm tacaíochtaí ó pháirtithe leasmhara agus creidmheasanna cánach rialtais. I measc na ról atá ann tá criú ar seit, beochantóirí, ealaíontóirí maisíochtaí físe, riarthóirí léiriúcháin agus na daoine a bhainistíonn cúrsaí airgeadais léiriúcháin.

Samplaí de phoist sa earnáil seo

Beochantóir (2T/3T)

Duine a chruthaíonn beochan carachtar agus beochan íomhá ar íomhá don teilifís, do scannáin nó do chluichí.
Conair Ardoideachas/Breisoideachas nó an cúrsa oiliúna le Creative Skillnet/na hAcadaimh Náisiúnta Thallainne chomh maith le spól taispeána láidir.

Ealaíontóir / Cumascóir Maisíochta Físe

Duine a dhéanann maisíocht físe agus radhairc dhigiteacha a thiomsú do scannáin agus don teilifís.
Conair Oideachas tríú leibhéal nó an cúrsa oiliúna le Creative Skillnet/na hAcadaimh Náisiúnta Thallainne — tá spól taispeána chomh tábhachtach céanna le cáilíochtaí.

Teachtaire / Cúntóir Léiriúcháin

An post tosaigh traidisiúnta ar sheit scannáin nó teilifíse in Éirinn, duine a bhíonn ag tacú leis an oifig agus criú léiriúcháin.
Conair Taithí Oibre – socrúchán oibre ar dtús go minic nó teagmháil a dhéanamh go díreach le compántas áitiúil léiriúcháin.

Giolla Ceamara, Criú Ceamara agus Criú Soilsithe

Róil theicniúla ar seit, is minic a bhfoghlaimíonn daoine ar an láthair iad.
Conair Cúrsa Breisoideachais sa léiriúchán nó foghlaim ar an láthair oibre mar dhuine den chriú faoi oiliúint.

Bainisteoir Suímh

Duine a aimsíonn, a fhaigheann agus a bhainistíonn suíomhanna scannánaíochta, a oibríonn go dlúth leis an stiúrthóir agus dearthóir léiriúcháin, agus a dhéanann an idirbheartaíocht maidir le cead isteach agus ceadanna.
Conair Níl aon bhealach faoi leith leagtha síos – de ghnáth faigheann daoine taithí ar chomhordú léiriúcháin nó obair mar chúntóir láithreacha, ansin bíonn eolas orthu agus teagmhálaithe acu sa tionscal.

Taifeadóir Fuaime

Duine a thaifeadann fuaim ardchaighdeáin bheo ar seit, i sinc leis an gceamara.
Conair Taithí Oibre mar Oiliúnaí Fuaime, nó Breisoideachas san innealtóireacht fuaime.

Cuntasóir Léiriúcháin

An duine a bhainistíonn buiséad agus cúrsaí airgid léiriúcháin. Pointe iontrála: Oiliúnaí Cuntas nó Airgeadóir.
Conair Cáilíocht airgeadais/chuntasaíochta, ansin dul isteach mar Oiliúnaí Cuntas nó i ról mar Airgeadóir.

Conairí isteach san earnáil seo

  1. Caith súil ar na roghanna Ardoideachais atá ann
    agus smaoinigh ar chúrsa a dhéanamh a bhaineann le cuid de na réimsí seo. Tá siad seo ar fáil i gcuid mhaith ollscoileanna, mar shampla: BSc (Onór.) sa Chraoltóireacht Chruthaitheach agus Léiriú Scannán in OT na Sionainne, Luimneach.  
  2. Caith súil ar na roghanna Breisoideachais atá ann
    Tá cuid mhaith coláistí Breisoideachais ar fud na tíre a bhfuil cúrsaí acu in ábhair mar léiriú scannán, cleachtas faisnéiseoireachta, maisíocht físe agus iarléiriú. Tá teastas ar fáil, mar shampla, in Institiúid Breisoideachais Cheatharlach in Iarléiriú Scannán agus Maisíocht. Déanann an tAcadamh Náisiúnta Tallainne don Bheochan neart cúrsaí agus socrúcháin oibre a reáchtáil d’iontrálaithe nua chomh maith. Smaoinigh ar chéim threasach a dhéanamh, caith súil ar a bhfuil ar fáil tríd an Oifig Threasach Náisiúnta.
  3. Smaoinigh ar thaithí oibre a fháil
    Ar an Socrúchán Oibre Iarchéime le Creative Skillnet/ leis an Acadamh Náisiúnta Tallainne (i gcomhar le Fís Éireann) cuirtear céimithe ag obair i stiúideonna ar nós Cartoon Saloon, Lighthouse Studios agus Jam Media. Déanann TG4 cuid mhór scéimeanna oiliúna a reáchtáil agus bíonn deiseanna don taithí oibre acu do dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu.
  4. Scileanna Inaistrithe / Obair Dheonach Áitiúil
    Tosú ar ghearrscannáin a dhéanamh le cairde leat nó le haghaidh tionscadail scoile! Caith súil ar an méid a d’fhéadfá a dhéanamh le Young Irish Film Makers nó Fresh Film, nó d’fhéadfá freastal ar First Cut, Féile Scannán na nÓg i gCorcaigh.

Uirlisí saor in aisce ar líne ar féidir cleachtadh leo

  • DaVinci Resolve físeagarthóireacht thionscalchaighdeánach saor in aisce
  • Blender beochan/maisíocht físe 3T saor in aisce
  • CapCut eagarthóireacht físe saor in aisce don ghuthán póca
  • Audacity eagarthóireacht fuaime saor in aisce

Scileanna ar fiú iad a Fhorbairt

  • Cruthaitheacht agus scéalaíocht
  • Obair foirne
  • Iontaofacht agus scileanna eagrúcháin
  • Mionchruinneas
  • Fanacht socair agus tú faoi bhrú
  • Scileanna bunúsacha teicneolaíochta/bogearraí

Acmhainní agus Léitheoireacht Bhreise

You might be interested in …