Blog

Spásanna agus Féilte Cultúrtha

spásanna cultúrtha agus féilte

An ndeachaigh tú riamh chuig músaem nó gailearaí, nó chuig féile mar an Phicnic Leictreach nó Oíche Chultúir? B’éigean do dhuine éigin gach gné de sin a phleanáil, a mhaoiniú, a phoibliú agus a reáchtáil. Is iad na daoine atá ag obair san earnáil seo atá taobh thiar de mhúsaeim, gailearaithe, ionaid ealaíon agus féilte na hÉireann – idir imeachtaí beaga áitiúla agus imeachtaí a aithnítear go hidirnáisiúnta. Meascán de róil chruthaitheacha, theicniúla agus ghnó atá ann, róil a bhfuil daoine ag obair iontu i ngach contae sa tír!

Samplaí de phoist sa earnáil seo

Léiritheoir Féilte agus Imeachtaí

Duine a threoraíonn pleanáil agus reáchtáil an chláir i gcás féile nó imeachta.
Conair Ardoideachas/Breisoideachas sa bhainistíocht imeachtaí chomh maith le taithí oibre, an taithí sin ó obair dheonach ar dtús.

Coimeádaí (Músaem) / Léiritheoir (Féile, Gailearaí)

Duine a dhéanann taighde roimh ré, agus a roghnaíonn agus a fhorbraíonn an t-ábhar do thaispeántais agus cláir i gcomhair gailearaí, músaeim nó féile.
Conair Céim chuí Ardoideachais agus ansin taithí oibre i ngailearaí nó i músaem.

Oifigeach Oideachais agus For-Rochtana Músaeim

Duine a dhéanann cláir a dhearadh agus a chur i láthair chun cuidiú le grúpaí scoile, le teaghlaigh agus leis an bpobal tairbhe a bhaint as bailiúchán i músaem.
Conair Taithí Oibre – más mian le duine taithí a fháil agus aithne a chur ar dhaoine san earnáil, cuidiú a bhíonn ann socrúchán Idirbhliana a dhéanamh in áit oibre mar ghailearaí áitiúil, an Gailearaí Náisiúnta, Gailearaí Ealaíne Crawford nó The Ark.

Bainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide

Duine a dhéanann forbairt an lucht spéise, brandáil agus poibliú digiteach a bhainistiú d’ionad, músaem nó féile.
Conair Ardoideachas/Breisoideachas sa mhargaíocht nó Scileanna Inaistrithe, mar shampla meáin shóisialta scoile nó chumainn a bhainistiú.

Oifigeach Ealaíon in Údarás Áitiúil

Ról san earnáil phoiblí ag obair i gcomhairle contae, duine a fhorbraíonn straitéis do na healaíona agus don chultúr don chontae ar fad. Tá Oifig Ealaíon ag gach ceann den 31 údarás áitiúil in Éirinn.
Conair Céim Ardoideachais i riarachán na n-ealaíon agus, go minic, obair dheonach le hOifig áitiúil Ealaíon ar dtús chun cur leis an gcáilíocht.

Criú Teicniúil/Léiriúcháin

Duine a shocraíonn agus a reáchtálann an ghné theicniúil d’imeachtaí, gailearaithe agus taispeántais i músaeim (fuaim, soilsiú agus suiteáin).
Conair Taithí Oibre, nó cúrsa Breisoideachais sa léiriú nó cúrsa teicniúil – tá cuid mhór daoine ann a thosaíonn amach ag obair go deonach ag féilte áitiúla.

Oifigeach Airgeadais agus Riaracháin

Déanann an duine seo buiséid, sonraisc agus riarachán airgeadais laethúil a bhainistiú d’eagraíocht ealaíon nó chultúir.
Conair Cáilíocht Bhreisoideachais/Ardoideachais sa chuntasaíocht nó gnó.

Conairí isteach san earnáil seo:

  1. Caith súil ar na roghanna Ardoideachais atá ann agus smaoinigh ar chúrsa a dhéanamh sa bhainistíocht ealaíon nó imeachtaí.
    Tá cúrsaí mar seo ar fáil i gcuid mhaith ollscoileanna, mar shampla: BA sa Bhainistíocht Ealaíon in Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire (Baile Átha Cliath), BA (Onór.) sa Cheol agus sa Tionscal Imeachtaí Beo in OT na Sionainne, Baile Átha Luain (Co. na hIarmhí), nó d’fhéadfá céim sa ghnó nó sna daonnachtaí a dhéanamh ar dtús agus ansin tabhairt faoi MA sa Bhainistíocht Ealaíon agus Léiriúchán Cruthaitheach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

  2. Caith súil ar na roghanna Breisoideachais atá ann
    Tá a lán coláistí Breisoideachais ann a bhfuil cúrsaí acu sa
    bhainistíocht imeachtaí, sa ghnó nó sa turasóireacht. Rogha eile atá ann ná printíseacht a dhéanamh i ról mar an mhargaíocht dhigiteach. Cuardaigh na roghanna ar líne nó iarr eolas ar an gcoláiste is cóngaraí duit.
  3. Smaoinigh ar thaithí oibre a fháil
    Tá spásanna agus féilte cultúrtha ann a reáchtálann cláir shonracha don taithí oibre: tá Líonra Oibrithe Deonacha ag an bPicnic Leictreach (an Sráidbhaile, Co. Laoise)
    i ngach gné den fhéile. Tá socrúchán Taithí Oibre Idirbhliana/Óige ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann do dhaoine óga 15 bliana go 17 mbliana d’aois, mar atá ag The Ark , spás cultúrtha do leanaí i mBaile Átha Cliath. Bíonn clár dar teideal Generation Fleadh á reáchtáil ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, clár óige do dhaoine óga 12 bhliain go 24 bliana d’aois. Coinnigh súil ar chlár Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath agus clár Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Chorcaí a mbíonn tionscnaimh do dhaoine óga ag an dá cheann acu. Reáchtáiltear imeacht gairmeacha ‘Cead Isteach chuig gach Áit’ mar chuid d’Fhéile Scannán Idirnáisiúnta BÁC.
  4. Scileanna Inaistrithe / Obair Dheonach Áitiúil
    D’fhéadfá cuidiú a thabhairt chun imeacht scoile, ócáid tiomsaithe airgid do CLG, féile áitiúil nó feachtas do na Bailte Slachtmhara a eagrú.

Uirlisí saor in aisce ar líne ar féidir cleachtadh leo:

  • Canva póstaeir agus grafaicí saor in aisce le haghaidh imeachtaí
  • Google Arts & Culture aip chun amharc ar líne ar bhailiúcháin i músaeim
  • Eventbrite le foghlaim faoin dóigh a n-oibríonn liostaí imeachtaí agus ticéadú

Eagraíochtaí Samplacha Éireannacha

Féile Ealaíon Chill Chainnigh · Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe · Féile Mheitheamh an tSamhraidh, Corcaigh · Féile Idirnáisiúnta Ealaíon Baboró do Leanaí (Gaillimh) · Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath · Féile Ealaíne an Earagail (Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall) Ard-Mhúsaem na hÉireann · Gailearaí Náisiúnta na hÉireann · Gailearaí Ealaíne Crawford (Corcaigh) · Iarsmalann Hunt (Luimneach) · Dánlann na Modhscoile (Sligeach) · Gailearaí na Lánaí Arda (Droichead Átha) · Ealaíona Chaisleán Leasa Móire (Port Láirge) The Ark (Baile Átha Cliath) · An Ceoláras Náisiúnta (Baile Átha Cliath) · an Oifig Ealaíon áitiúil i do cheantar · An Taibhdhearc (Gaillimh)

Scileanna ar fiú iad a Fhorbairt

  • Scileanna eagrúcháin
  • Bunscileanna láimhseála airgid
  • Labhairt le daoine eile agus obair foirne
  • Fanacht socair nuair a théann rudaí amú
  • Na meáin shóisialta agus ábhar a phostáil ar líne

Acmhainní agus Léitheoireacht Bhreise

You might be interested in …