Blog

Taibhiú, Amharclannaíocht agus Damhsa

Is san earnáil seo atá daoine a bhíonn ag aisteoireacht, ag damhsa, ag stiúradh agus ag obair sa chúlra chun taibhiú agus léiriú beo a chur ar an stáitse. Tá gach cineál oibre san earnáil, bíodh sin compántas náisiúnta amharclannaíochta nó grúpa beag áitiúil drámaíochta, agus tá an oiread róil theicniúla agus ghnó ann is atá róil mar thaibheoir – bíonn duine de dhíth leis an oifig ticéad a reáchtáil, an seit a thógáil agus an sceideal a bhainistiú.

Samplaí de phoist sa earnáil seo

Teicneoir Soilsithe agus Fuaime

Déanann an duine seo trealamh soilsithe agus fuaime a chóiriú, a oibriú agus a choimeád in ord le haghaidh léirithe beo.
Conair Tá a lán daoine ann a thosaíonn le “Stage Pass,” cúrsa feasachta sábháilteachta arb é an cúrsa tionscalchaighdeánach é do theicneoirí amharclannaíochta in Éirinn,

Stiúrthóir Ealaíne

An duine seo a threoraíonn an fhís ealaíonta agus an clár in amharclann nó dánlann, compántas nó léiriú.
Conair Bealach fada a bhíonn ann, á fhorbairt thar bhlianta den stiúradh, léiriú nó den obair i gcompántas sula dtéann tú ar aghaidh chuig an ról seo.

Cóiréagrafaí

Duine a chruthaíonn agus a stiúrann an ghluaiseacht damhsa faoi choinne taibhithe nó léiriúcháin.
Conair Is mar dhamhsóirí a thosaíonn cuid mhór cóiréagrafaithe amach ina ngairm, agus téann siad faoi oiliúint agus faigheann siad taithí ansin lena gceird a fhorbairt.

Máistir an Fhearais

Déanann an duine seo an fearas ar fad a theastaíonn le haghaidh léiriúcháin a aimsiú agus a thógáil, chomh maith le bail a choinneáil ar an bhfearas. Níl aon chonair oideachais faoi leith leagtha síos – faigheann an chuid is mó de Mháistrí an Fhearais taithí ar an obair i ngach gné de rannóg an fhearais.
Conair Taithí Oibre nó Scileanna Inaistrithe (taithí ar chóiriú, ceardaíocht nó DFÉ/déan féin é) agus taithí phraiticiúil de réir a chéile.

Bainisteoir Stáitse

An duine a reáchtálann cúrsaí teicniúla agus lóistíochtúla i léiriúchán sna cleachtaí agus sna léirithe féin. Sampla: Nuair a fhógraíonn Amharclann na Mainistreach folúntas i gcomhair Bainisteoir Stáitse, is gnách dóibh taithí 3 bliana go 5 bliana a lorg.
Conair Ardoideachas/Breisoideachas sa bhainistíocht stáitse nó i scileanna teicniúla don amharclann, taithí a fháil ar léiriúcháin bheaga ar dtús.

Dearthóir Cultacha/Dearthóir Seit

Dearann an duine seo na cultacha nó an seit faoi chomhair léiriúcháin.
Conair Ardoideachas/Breisoideachas sa dearadh, portfóilió á chur le chéile agat trí léiriúcháin mac léinn agus amaitéaracha.

Cúntóir Fáilteachais / san Oifig Ticéad

Cuireann an duine seo fáilte roimh an lucht féachana, díolann ticéid agus tugann tacaíocht i reáchtáil ionaid ó lá go lá.
Conair Taithí Oibre — bealach breá díreach isteach chuig an obair in amharclann nó ionad gan aon cháilíocht fhoirmiúil a bheith de dhíth.

Conairí isteach san earnáil seo

  1. Caith súil ar na roghanna Ardoideachais atá ann
    Agus smaoinigh ar chúrsa a dhéanamh i gceann de na réimsí seo. Tá siad seo ar fáil i neart ollscoileanna, mar shampla: BA sa D|rámaíocht (Taibhiú) in OT Bhaile Átha Cliath, nó BA sa Scannánaíocht agus Amharclannaíocht in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Rogha eile atá ann ná BA sa Damhsa Comhaimseartha in Ollscoil Luimnigh.
  2. Caith súil ar na roghanna Breisoideachais atá ann
    Tá cúrsaí ar fáil i gcuid mhaith coláistí Breisoideachais in ábhair mar an aisteoireacht agus taibhiú amharclannaíochta. Tá eagraíochtaí eile ann a reáchtálann scoileanna samhraidh agus gearrchúrsaí leis an deis a thabhairt do dhaoine blaiseadh a fháil de na réimsí éagsúla agus dúil a chur i gcuid acu. Mar shampla, tá gearrchúrsa do thosaitheoirí ag Acadamh an Lir, Cultacha: Fuáil agus Athruithe
  3. Smaoinigh ar thaithí oibre a fháil
    Is minic a ghlacann amharclanna áitiúla agus pobail le hoibrithe deonacha chun bheith ag obair i róil fáilteachais, ar chúl an stáitse nó i róil tacaíochta le haghaidh léiriúcháin. Tá cláir taithí oibre ag Amharclann na Mainistreach, The Gate agus The Ark i mBaile Átha Cliath.
  4. Scileanna Inaistrithe / Obair Dheonach Áitiúil
    Páirt a ghlacadh i gclub drámaíochta nó ceoldráma scoile, páirt a ghlacadh i léiriú de chuid grúpa áitiúil amharclannaíochta nó damhsa óige, nó cuidiú a thabhairt ar chúl an stáitse ar léiriúchán scoile. D’fhéadfá dul isteach in Amharclannaíocht na hÉireann don Óige nó súil a chaitheamh ar na cláir agus acmhainní atá acu.

Uirlisí saor in aisce ar líne ar féidir cleachtadh leo

  • Ceamara do ghutháin – éisteachtaí féintaifeadta a chleachtadh
  • Seisiúin teagaisc ar YouTube maidir le teicnící aisteoireachta nó damhsa
  • An leabharlann áitiúil – scripteanna drámaí agus leabhair dhrámaíochta
  • Canva dearadh póstaeir nó cláir le haghaidh seó scoile

Scileanna ar fiú iad a Fhorbairt

  • Taibhléiriú muiníneach
  • Smaointe de do chuid féin ó thaobh carachtar nó gluaiseachta de a cheapadh
  • Obair foirne
  • Cuimhne agus smacht (línte nó cóiréagrafaíocht a fhoghlaim)
  • Aclaíocht coirp agus teacht aniar
  • An cumas chun glacadh le diúltú agus teacht aniar a chothú
  • Tionscadail a phleanáil agus a eagrú
  • Buiséid agus acmhainní a bhainistiú

Acmhainní agus Léitheoireacht Bhreise

You might be interested in …